An Brat Gníomhach

Fáilte is fiche romhaibh chuig ár leathanach don Bhrat Ghníomhach!

I mbliana táimid ar thóir an Brat Gníomhach

Is scoil gníomhach muid cheanna féin agus tabharfaidh an Brat Gníomhach an deis dúinn é sin a cheiliúiradh. Glacann páistí na scoile páirt i réimse leathan spóirt cosúil le peil, iománaíocht, camógaíocht, leadóg, rince gaelach, snámh agus rothaíocht.

An sprioc atá againn i mbliana ná go mbeidh gach dalta in ann 60 nóiméad de ghníomhaíochtaí a dhéanamh gach aon lá!

Ar gCoiste Ghníomhaigh

Tá coiste ghníomhaigh bunaithe againn. Tá ionadaí ó gach rang ar an gcoiste. Tagaimid le chéile le cúrsaí gníomhaigh na scoile a phlé agus le smaointe a roinnt.


Mana Gluaiseachta

Bhí comórtas againn le teacht ar mana gluaiseachta don scoil. Bhí na hiontráil thar barr. Tá páistí na scoile chomh cruthaíoch!

Comhghairdeas ó chroí le Aoibhinn, Siún, Kate agus Molly i Rang 5 Sinéad a chum ár mana:

Nuair a bhíonn tú aclaí, bíonn gliondar i do chroí.

Roinnt iontráil eile le hardmholadh tuillte acu ná:

“Nuair a bhuaileann do chroí, bíonn spórt i do chroí.”

“1,2,3 bí ag spraoi, ta sé go maith i gcomhair do chroí.”

“Bíonn áthas ar do chroí nuair a bhíónn tú ag spraoi.”

“Bíonn sult i do chroí nuair a bhíonn tú aclaí.”

“Is aoibhinn le do chroí bogadh ‘s spraoi.”

“In ionad ligint do scíth, imrigí cluichí.”

1. Corp Oideachas

Mar chuid den churaclam bunscoile tá 6 snáithe ann. Déanann na páistí 6 cinn acu I rith na bliana. I mbliana chuaigh páistí ó Rang 4 ag snámh. Bhaineamar an-taitneamh as. Tá snámh an éisc againn anois!

  1. Lúthchleasaíocht,
  2. Damhsa,
  3. Gleacaíocht,
  4. Cluichí
  5. Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta.
  6. Oiliúint uisce,

Tá an t-ádh dearg linn i nGaelscoil Charraig Uí Leighin go bhfuil áiseanna den chéad scoth againn. Tá dhá halla agus clós breá mhór againn. Bíonn 60 nóiméad gach seachtain corpoideachas ag na leanaí.

Spreagtar páistí de gach ábaltacht páirt a ghlacadh i ngach ceacht corpoideachais, agus chuaigh múinteoirí faoi oiliúint chuí le freastail ar gach riachtanas sa scoil.

Féach ar an bhfearais spóirt ar fad atá againn, nach iontach an radharc é!

2. Gníomhaíochtaí Fisicúla

Rith Timpeall na hÉireann

I mí Feabhra, bhí gach rang sa scoil iontach gnóthach, ag rith timpeall ár gclós álainn nua, le háiteanna áille timpeall na hÉireann a shroichint. Ritheamar na céadta chileaméadar!

Griangraf, de phaistí ag rith!

Sciath na Scol

Comhgháirdeas leis na fóirne buachaillí agus cailiní a bhí ag imirt i gcomórtas Sciath na Scol i mbliana.  Beidh na cailiní ag imirt sa chraobh go luath. Táimid ag súil go mór leis an gcluiche ceannais. Gaelscoil Charraig Uí Leighin abú!

Seo griangraf de phainéal na gcailíní.

Cluichí na mBunscoileanna

Comhgháirdeas le Eibhlín Ní Mháthair Bhuí agus Lúc Ó Ceallacháin a bhí ag imirt i gcluichí na mbunscoileanna le deanaí. 

Leadóg

Comhgháirdeas leis na fóirne leadóige go bhfuil ag eirí go hiontach leo. Maith sibh!

Spórt na Cathrach

Tá páistí na scoile ag traenáil go dian do rásaí Spórt na Cathrach, atá ar siúl go luath

Péinteáil an Chlóis

Tá clós breá daite againn anois! Nach iontach an spraoi é a bheith gníomhach!

Mórshúil Oíche Shamhna – Rinne an scoil go léir mórshiúl sa chlós le Oíche Shamhna a chéiliúradh!

Oscailt na scoile – An Dreoilín

Bhí lá iontach againn ag céiliúireadh oscailt an bhfoirgnimh nua. Féach ar an scoil ar fad ag déanamh damhsa an Dreoilín!

Sosanna Gníomhach

I mí Eanáir rinne gach rang sa scoil, ar a laghad sos ghluaiseachta amháin gach aon lá. Bí gníomhaíochtaí de gach sórt ar siúl againn.

Bhí sosanna spleodracha ar siúil, chuamar ar shiúlóid, bhíomar ag rith agus ag déanamh taifead ar ár gcuisle. Bhíomar ag damhsa agus ag forbairt na matáin sa seomra ranga agus mórthimpeall na scoile.

Seo Rang Naíonain Bheaga amuigh ar siúlóid le chéile.

Dúshlán Taistil Mór

3. Comhpháirtaíochtaí

Tuilleadh eolas le teacht

4. Seachtain Ghníomhach

Beidh seachtain gníomhach na scoile ar siúl i mí an Mheithimh, ag tosú ar Dé Luain an 13ú.

Tuilleadh eolas le teacht!