Nuacht / News

An Poc ar Buile!

Tháinig ár ngabhair ar ais ar cuairt chugainn is fuair an scoil go léir seans bualadh leo amuigh sa pháirc. Tháinig siad le Billy, an tAoire, is bhí na céadta cheist againn mar gheall orthu. D’fhoghlamar an-chuid faoi gabhair is bhí sé go hálainn a bheith amuigh sa chlós in éineacht leo gach lá. D’ith siad na fiailí go léir a bhí sa pháirc is tá Múinteoir Clár an-shásta leo.