Tá RIMÉAD orainn! Bhuamar cluiche ceannais Sciath na Scol i gcluiche fíochmhara i gcoinne Gaelscoil na Dúglaise. Peil na gcailíní a bhí ann is bhí an dá fhoireann gualainn le ghualainn go dtí an nóiméad deirneach. Bhí croí in a …
Ag an am seo gach bhliain bíonn comórtas mór frithbhulaíochta againn i nGaelscoil Charraig Uí Leighin. Bhí ar grúpaí i ngach rang 1-6, póstaér mór a chruthú ag léiriú do pháistí conas déileáil le bulaíocht. Bhí an caighdéan dochreidte ard …
Beidh páistí ó Rang 3 go dtí Rang 6 ag déanamh sár iarracht Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig ar Dé Máirt an 14/11/23. Is chuid de gluaiseacht náisiúnta GAEILGE24 é seo. Bí ag cabhrú leo sa …
Horticulture Video Competition SETU Waterford 2023. Comhgháirdeas le Anna, Lilí agus Siún ó Rang 6 a bhuaigh an Primary Accessibility Prize ar son video a chruthaiodar , Power of the Flower. Maith sibh a chailíní. Brúigh ar an nasc chun …
Tá péisteoir (wormery) againn sa gháirdín scoile anois le péisteanna ann. Cuirfear drámháil bia ón mbosca donn ón seomra fóirne sa phéisteoir agus tar éis tamaill, déanfaidh na péisteanna muirín (compost) dúinn don gháirdín. Tháinig fear dar ab ainm Dónal …
Bhí cluiche den scoth againn ar an 19ú Deireadh Fómhair! Leath-chraobh Sciath na Scol a bhí ann is bhí na peileadóirí ón nGaelscoil Charraig Uí Leighin ag imirt i gcoinne Ovens N.S. Tar éis cluiche fada, dúshlánach, bhí bua iontach …
Chuir páistí ó Rang 6 crann beag inné a fuaireamar ó Tree Council of Ireland i gcomhair Lá na gCrann. Coll nó Hazel an crann a bhi roghnaithe i mbliana, crann dúchasach. Maith sibh Rang 6. Tá nasc le tuilleadh …
Bhí seachtain den scoth ag na naíonáin nua i mbliana. Ag súgradh is ag spraoi agus ag déanamh cairde nua! Tá fáilte rompu go léir is tá súil againn go mbeidh saol scoile iontach ag gach aon duine acu i …
Rinne na múinteoirí sa Ghaelscoil cúrsa speisialta i mbliana is d’fhoghlamar conas podchraoladh proifisiúnta a thaifead is a fhoilsiú. B’iad Rang 3 Ailíse a thosaigh ar dtús is tá an chéad podchraoladh réidh anois acu – ceann i mbéarla a …
Bhí lá iontach, stairiúil againn san Aviva i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chaite ag imirt sacar i gcraobh na hEireann ‘Primary 5s’. Chuaigh rang a 6 suas chun tacú linn agus bhí turas dochreidte againn go léir. Bhuamar …