

Fáilte Romhaibh Go Léir
Fearaimíd céad míle fáilte romhat go Gaelscoil Charraig Uí Leighin. Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh seo deis do leanaí, tuismitheoirí, iar scoláirí, múinteoirí agus pobal na scoile ó chian agus ó chóngar, tamall a chaitheamh linn agus sinn ag taisteal le chéile, go sona sásta ar thóir an eolais agus na foghlama.
Bí inár dteannta ar an dturas iontach seo.
Ré Nua i Stair na Gaelscoile
Ar an séú lá fichead de mhí Lúnasa 2021 faoi theas deas ghrian na maidine, d’oscail an Príomhoide Séamus de Lóndra agus an Príomhoide Feidhmeannach Siobhán Ní Chuana geataí na scoile nua den chéad uair. Ardaíodh bratach na hÉireann agus brat na scoile. Shiúil isteach páistí a bhí sceitimíneach agus bródúil agus gan dabht beagán neirbhíseach. Gach aon pháiste ag súil leis an scoil nua a fheiscint agus bualadh lena múinteoir nua.
Scoil iontach, gheal, spásúil le ceithre sheomra fichead ranga agus deich seomra achmhainne, halla fada fairsing le stáitse, leabharlann, oifigí agus a thuilleadh nach iad anois againn, gan trácht ar spáis clóis agus páirce. Níl aon dabht ach gur “aoibhinn beatha an scoláire” i nGaelscoil Charraig Uí Leighin.
Caithfear buíochas a ghabháil le Boird Bainistíochta, foireann na scoile, coistí cairde, coiste forbartha, tógálaithe, altairí ,Bord Oilliúna Oideachais Chorcaí agus thar aon duine eile lenár n-iar Phríomhoide Bríd Úna as an bhfís a bhí aici le haghaidh na scoile nua agus an éacht oibre a rinne sí thar na blianta.
“Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh léinn
Is follas díbh, a dhaoine
Gur dó is aoibhne in Éirinn.”
(Ní fios cé chum, 17ú aois)
Nuacht is Déanaí

Bhuamar Comórtas Gael-Linn!
Comhghairdeachas le peileadóirí na scoile ó rang a 6, a d’imir go cróga ag an gcomórtas Gael-Linn. Tar éis cluiche den chéad scoth, bhí an lá leo is bhuaigh siad an corn. Táimid go léir chomh bródúil astu. Ar aghaidh linn …

Turas Scoile Rang 4
Tá na turasanna scoile tosnaithe cheana féin! D’imigh an trí Rang 4 go dtí an t-ionad eachtraíochta sa Mardyke is bhí an-lá acu ag dreapadh is ag imirt cluichí. Brúigh anseo chun cúpla grianghraif don craic a fheiscint.

Leabhar Power!
An bhfuil aon ceann do na leabhair seo agat sa bhaile? Ar mhaith leat é a thabhairt don leabharlann scoile? Táimid ag lorg na leabhair atá ar an liosta seo don leabharlann scoile nua scoile. Mar sin má tá cúpla …

Seomra Nua do ‘Aistear’
Tá an trí rang Naíonán Bheaga tosaithe le Aistear le déanaí. Tá seomra álainn Aistear againn sa scoil anois agus beidh deis ag na leanaí Naíonán Bheaga agus Naíonán Mhóra an seomra seo a úsáid. Cuirfidh sé seo go mór …

Lá ‘le Pádraig!
Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig hip hurá! Bhí an-lá againn ag ullmhú do Lá ‘le Pádraig. Sheinn an píobaire dúinn agus bhí paráid iontach againn timpeall na scoile. Bhí gach uile duine sa scoile gléasta suas …

Ómós do Bhríd Úna Uí Mhaoleoin, Príomhoide na Gaelscoile 1985-2018
Rugadh agus tógadh Bríd Úna Ní Mhaoileoin ar an nGráig in Iarthar Dhuibhneach, baile fearainn atá ag féachaint amach ar Cheann Sibéal, na Triúr Deirféaracha agus ag féachaint síos ar Thráigh Chlochair, áit a chaith sí laethanta a hóige ag …

Lá Domhanda na Leabhar 2022
Is aoibhinn linn na leabhair i nGaelscoil Charraig Uí Leighin! Bhíomar faoi lán seoil ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar ar an 3ú Mí na Márta. Ghléasamar go léir suas mar carachtair leabhar – daltaí agus múinteoirí – agus chaitheamar …

Lá Fhéile Bríde
Déanaimid Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí Feabhra. Is é sinan chéad lá den earrach. Rinne na páistí sa Ghaelscoil cros Bríde chun a lá speisialta seo a cheiliúradh ar scoil. Bhí cuid acu déanta …

Tháinig Daidí na Nollag Chugainn
Caithfidh go bhfuilimid ar an ‘Liosta Maith’ mar tháinig Daidí na Nollag chuig Gaelscoil Charraig Uí Leighin! Mar is gnáth, tháinig sé i gcarr na ngárdaí is labhair sé leis na paisti go leir ó Naíonáin Bheaga go Rang 6. …

Ag Cur Plandaí
Maith sibh leanaí R.4 a bhí ag cur plandaí sna boinn rubair a thugamar linn ónseanscoil. Nach deas atá siad ag féachaint sa gháirdín nua.