Nuacht / News

Tús Iontach do Fhoireann Leadóige na Scoile!

🎾

Táimid an-sásta arís i mbliana a bheith páirteach i gComórtas Leadóige Bhunscoileanna Mumhan. D’éirigh go hiontach linn sa chomórtas seo sna blianta atá caite agus tá foireann an-láidir againn i mbliana.

Sa chéad bhabhta bhí orainn tabhairt faoi fhoireann láidir ó Scoil Naomh Mícheál. Tar éis ceithre chluiche den scoth, áfach, d’éirigh linn an lámh in uachtar a fháil agus bua iontach 3–1 a bhaint amach.

Maith sibh, Gaelscoil Charraig Uí Leighin! Guímid gach rath oraibh sa chéad bhabhta eile!