Ráiteas Misean – Mission Statement
Is bunscoil comhoideachasúil, lán Ghaelach, Caitliceach í Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, atá faoi phatrúnacht Easpag Chaitliceach Chorcaí agus Rois.
Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus caidrimh laethúil na scoile. Is iad na leanaí croí lár na scoile agus déantar gach iarracht oideachas d’árd chaighdeán a chuir ar fail do leanaí, trí mheán na Gaeilge trí
- Cothrom na fénne a thabhairt do phobal na scoile i slí cairdiúil, cothrom, réasúnta
- Béim a chur ar fhorbairt iomlán an linbh- go hintleachtúil, go mothálach, go fisiciúil, go spioradálta srl.
- Meas a léiriú orainn féin agus ar dhaoine eile
- Aire agus éisteacht a thabhairt do bhaill an pobail scoile
Tá an scoil ag feidhmiú ar an bprionsabal go bhfuil gach duine sa phobal speisialta ina slí féin agus go gcaithfear go cóir, ionann agus le dígnít, le gach ball de phobal na scoile.
Cothaíotar atmaisféar taitneamhach, comhoibritheach, measúil sa timpeallacht scoile, ina mbíonn an bhéim ar an ndearfacht, ar an oideachas agus ar an gcultúr Gaelach.
Stair Na Scoile – History of the School
Osclaíodh Gaelscoil Charraig Ui Leighin ar an 2ú Meán Fomhair 1985, le ceathrar déag leanbh ar an rolla. Ag an am, bhí an scoil lonnaithe ináirde staighre san Ionad Pobail. Bhí na coinníollacha deacair agus bhí sean aithne ag gach éinne ar an gcófra dearg agus an cófra glas! Is istigh ins na cófraí seo a chuireamar gach rud taréis scoile. Ní raibh morán spáis againn ach bhíomar an-sásta.
Sna blianta beaga ina dhiaidh sin, d’fhás líon na ndaltaí. Nuair a aistrigh an scoil go dtí Bóthar Chorcaí i 1987,
bhí Múinteoir Martina agus Múinteoir Siobhán inár dteannta agus sna blianta ina dhiaidh sin tháinig Múinteoir Nóirín, Múinteoir Gearóidín, Múinteoir Máire, Múinteoir Séamus Múinteoir Johnny agus Múinteoir Áine.
Cé nách raibh mórán spáis againn, bhíomar go léir sona, sásta le chéile. D’fhanamar sa bhfoirgneamh ar Bhóthar Chorcaí go 2001.
Bhí sráid de sheomraí réamhdhéanta ar chúl an fhoirgnimh agus bhí an spás ana bheag, go háirithe an spás sa chlós.
Foireann – Staff
Príomh Oide: Séamus De Londra
Leas-Príomh Oide: Siobháin Ní Chuana
Príomhoide Cúnta: Seán Mac Cárthaigh
Naíonáin Bheaga: Faye, Orla, Mary
Naíonáin Mhóra: Saidhbh, James, Úna Ní M
Rang a haon: Máire B/Nóra, Emma, Gregg
Rang a dó: Ailíse, Clár Ní S, Cláir Nic C
Rang a trí: Therese, Sinéad, Emer
Rang a ceathair: Rob, Aisling, Brian
Rang a cúig: Caoimhín, Seán, Sinéad
Rang a sé: Danny, Ciara Nic G, Olivia
Oideachas Speisialta:
Múinteoir Caitríona
Múinteoir Máire / Elaine
Múinteoir Cláir Ní M
Muinteoir Aoife/Colette
Múinteoir Úna P
Múinteoir Eibhlín
Múinteoir Emma
Múinteoir Niamh
Cuntóirí Riachtanais Speisialta sa scoil:
Eibhlín, Linda agus Aoife
Rúnaí: Mary O Donnell
Feighlí: Billy O Shea