Nuacht / News

Éacht ag Daltaí Rang a 6 i gComórtas Laoch an Litrithe

Ghlac beirt dalta ó Rang a 6 páirt sa chéad chomórtas Laoch an Litrithe a d’eagraigh Gaelscoil Mhainistir na Corann le déanaí.

Comórtas litrithe Gaeilge a bhí i gceist agus bhí ar na cailíní focail réamhfhoghlamtha agus focail nua a litriú os comhair lucht féachana i halla na scoile. Bhí na meáin i láthair freisin – an Echo agus TG4 ina measc!

Ní dúshlán beag a bhí i gceist nuair a smaoinítear ar na rialacha agus na castachtaí a bhaineann le litriú na Gaeilge – an séimhiú, an t-urú, na haimsirí éagsúla, agus ar ndóigh an riail cháiliúil: “Caol le caol agus leathan le leathan.”

D’éirigh go hiontach leis na cailíní agus, cé nár bhuaigh siad an phríomhdhuais an uair seo, bhain siad sár-thaitneamh as an taithí agus as a bheith ar an stáitse ag déanamh ionadaíochta ar son na scoile. Bhí Lily fiú lán-sásta agallamh a thabhairt do TG4 faoin lá speisialta. Tá an mhír sin ar fáil anois ar TG4 Player.

Ba urlabhraithe den scoth iad an bheirt acu agus táimid thar a bheith bródúil astu!