Tá RIMÉAD orainn! Bhuamar cluiche ceannais Sciath na Scol i gcluiche fíochmhara i gcoinne Gaelscoil na Dúglaise. Peil na gcailíní a bhí ann is bhí an dá fhoireann gualainn le ghualainn go dtí an nóiméad deirneach. Bhí croí in a bhéal ag gach páiste i bPáirc Uí Chaoimh, mar ní raibh tada eatarthu fiú deich nóiméad ón gcríoch. Ansin, fuair an ghaelscoil cúl agus pointe chun bua iontach a bhaint amach. D’imigh an lucht tacaíochta FIAIN ag tacú lenár bhfhoireann iontach, is bhí Múinteoir Brian ag bualadh ar na drumaí go dtí go raibh a lámha tinn. Lá an-speisialta a bhí ann don scoil go léir.
Chun an chluiche ar fad a fheiceáil, brúigh ar an nasc thíos:










