Nuacht / News

Buaiteoirí – Comortas Frithbhulaíochta

Ag an am seo gach bhliain bíonn comórtas mór frithbhulaíochta againn i nGaelscoil Charraig Uí Leighin. Bhí ar grúpaí i ngach rang 1-6, póstaér mór a chruthú ag léiriú do pháistí conas déileáil le bulaíocht. Bhí an caighdéan dochreidte ard agus bhí ar na tuismitheoirí ón gcoiste frith-bhulaíochta na buaiteoirí roghnú. Tar éis lá crua ag féachaint ar gach uile póstaér, roghnaigh siad na buaiteoirí. Agus an duais? SEACHTAIN saor ó obair bhaile! Wú hú! Comhghairdeas libh go léir.