Comhghairdeachas le peileadóirí na scoile ó rang a 6, a d’imir go cróga ag an gcomórtas Gael-Linn. Tar éis cluiche den chéad scoth, bhí an lá leo is bhuaigh siad an corn. Táimid go léir chomh bródúil astu. Ar aghaidh linn anois go dtí craobh na Mumhan! GC… GCU…GCUL ABÚ!



