Nuacht / News

Lá Domhanda na Leabhar ’23

An bhfuil aon lá níos fearr ar scoil ná Lá Domhanda na Leabhar? I nGaelscoil Charraig Uí Leighin is lá ollmhór é! Mar is gnáth, bhí an-spórt againn á cheiliúradh i mbliana:

  • Gach duine gléasta suas mar carachtair ó leabhair – múinteoirí san áireamh!
  • Na dóirse go léir sa scoil maisithe mar leabhair
  • Díolachán leabhar sa halla – gach éinne ag tógáil isteach sean-leabhair is ag ceannach cinn nua
  • Scéalaí ag insint scéalta do na naíonáin
  • Údar ag labhairt leis na hard ranganna faoi conas leabhar a scríobh
  • Comórtas Léirmheas Leabhar idir na ranganna go léir is na buaiteoirí ag léamh amach iad don scoil

Is aoibhinn linn leabhair sa scoil seo agus is breá linn Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh.