Is aoibhinn linn rince i nGaelscoil Charraig Uí Leighin is bhí an-spórt is spraoi againn sa hall ag an gCéilí Mór i rith Seachtain na Gaeilge. Bhailigh na ranganna go léir sa halla chun na rincí traidisiúnta a dhéanamh le chéile. Céilí den scoth a bhí ann is ag an deireadh bhíomar go léir tugtha traochta ach sona sásta.
