Nuacht / News

Táimid sa Chraobh!

Bhí cluiche den scoth againn ar an 19ú Deireadh Fómhair! Leath-chraobh Sciath na Scol a bhí ann is bhí na peileadóirí ón nGaelscoil Charraig Uí Leighin ag imirt i gcoinne Ovens N.S. Tar éis cluiche fada, dúshlánach, bhí bua iontach ag ár gcailíní is fuaireadar áit sa chraobh tar éis briseadh na Samhna. Bhíomar go léir ag pléascadh le bród is tá sceitimíní an domhain orainn anois ag súil go mór le cluiche iontach don chraobh. Ar aghaidh linn an Ghaelscoil, ar aghaidh linn!