Tá Buddy Reading ar ais arís is táimid go léir chomh sásta. Gach lá tar éis lóin, suíonn gach páisté ó Rang 6/5 in aice le páiste Rang 2/3 is léann siad leabhair le chéile. Pléann na ‘buddies’ an leabhar is cabhraíonn an ‘Buddy’ mór leis an ‘Buddy’ beag na focail deacra a léamh. Cuireann sé go mór le féin-mhuinín na bpáistí is iad ag léamh, agus cothaíonn sé nasc deas eatarthu ag an am céanna. Is aoibhinn linn an ‘Buddy Reading’.