Bronnadh gradam speisialta, Scoil Uisce na Bliana 2024 nó ‘Water School of the Year 2024’ do Chúige Mumhan, ar an nGaelscoil ar an 15ú Bealtaine i mBaile Átha Cliath. Thaistil Mia, Lily, Teagan agus Múinteoirí James agus Clár chuig Baile Átha Cliath chun a bheith i láthair do bhronnadh na ngradam. Is é seo an chéad uair don Ghaelscoil an gradam seo a bhuachaint agus táimid ar fad an-bhródúil as an gcoiste glas go léir agus leanaí uile na Gaelscoile as ucht a n-iarrachtaí uisce a shábháil agus a chaomhnú ar scoil agus sa bhaile.



