Tar éis comórtas iontach, d’éirigh lenár gcailíní áit a fháil i gcraobh Sciath na Scol 2024! Ní féidir linn é a chreidiúnt! Tá an scoil go léir ó R3-R6 ag dul ar an mbus leo go dtí an cluiche mór i bPairc Uí Chaoimh chun tacú le foireann na scoile. Beidh Múinteoir Brian ann lena dhrumadóirí ag bualadh amach amhráin na scoile is beimid go léar ag screadaíl in árd ár gcinn is ár ngutha. Beir bua an Ghaelscoil Charraig Uí Leighin!