Nuacht / News

Seaimpíní Sciath na Scol – ARÍS!

Ní chreidimid é! Bhuamar cluiche ceannais na gcailíní ARIS i mbliana – an TRIÚ bhliain as a chéile. Peil na gcailíní a bhí ann is bhí cluiche fíochmhara againn i gcoinne Baile Garbháin. Bhí tús maith againn ach tháinig an fhoireann eile ar ais go laidir is bhíomar chomh buartha sa sheastán! Chabhraidh Brian is a dhrumadóirí go mór linn is coiméad sé sinn ag troid go dtí gur shéid an réiteoir an fheadóg is bhí an bua ag Gaelscoil Charraig Uí Leighin. Nach sinne a bhí bródúil is iad ag ardú an corn. Ar aghaidh linn an Ghaelscoil, ar aghaidh linn!