Nuacht / News

Lá na Stocaí Corra

An tseachtain seo sa Ghaelscoil támid ag ceiliúradh ár ndifríochtaí – an tslí go mbíonn gach duine sa scoil difriúil óna chéile. Tagann cuid againn ó tíortha eile, tá cuid againn an-ard, tá cuid againn ceolmhar, tá cuid againn ‘neurodivergent’ – agus le chéile is fearr sinn. ‘Sé an éagsúlacht seo a dhéanann an saol suimiúil, is an scoil láidir.

Chun an éagsúlacht seo a cheiliúradh, chaitheamar go léir stocaí corra Dé Céadaoin agus bhí sport is spraoí againn ag féachaint ar cosa a chéile. Tá sampla dár stocaí corra i bhfíseán anseo is cúpla grianghraif chomh maith.

Brúigh anseo don fhíseán: https://youtu.be/Bqa0WESTtmA