Seachtain den chéad scoth a bhí againn sa Ghaelscoil ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge 2025. Idir ceol agus drámaíocht, filíocht agus amhránaíocht ní raibh stad leis na himeachtaí go léir. Seo blaisín de chuid de na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl i rith na seachtaine!













