Nuacht / News

Fáilte romhaibh ar ais!

Táimid thar a bheith sásta fáilte mhór a chur roimh ár bpáistí, ár dteaghlaigh agus ár bhfoireann ar ais don bhliain scoile úrnua. Tá bliain an-speisialta romhainn i mbliana, mar táimid ag ceiliúradh 40 bliain ó bunaíodh ár scoil! Beidh ceiliúradh agus imeachtaí ar siúl againn sna míonna amach romhainn chun an ócáid álainn seo a chomóradh. Go raibh maith agaibh as bheith mar chuid dár scéal — seo chugainn bliain eile lán le foghlaim, cairdeas agus spraoi.