Fáilte go Seachtain Bí Cineálta, ár bhfeachtas bliantúil frith- bhulaíochta sa Ghaelscoil. Creidimid go láidir go gcruthaítear atmaisféar dearfach, cairdiúil nuair a bhíonn “Bí Cineálta” mar chroílár ár bpobal scoile. Nuair a bhíonn cineáltas mar thosaíocht againn, cuireann sé cosc ar an mbulaíocht agus ní ghlacfaidh aon bhall den phobal scoile leis.
I rith na seachtaine seo, beidh ár gcomórtas póstaer bliantúil againn, chomh maith le ceachtanna agus gníomhaíochtaí a chabhróidh linn bulaíocht a aithint agus deireadh a chur leis.
Táimid ag súil le seachtain spreagúil lán le cineáltas agus aire do gach ball dár bpobal scoile.