I mí Feabhra, thug ceithre fhoireann ó Ghaelscoil Charraig Uí Leighin aghaidh ar Óstán Rochestown Park sa Dúglais chun páirt a ghlacadh, don chéad uair, i dTráth na gCeist an Chomhair Creidmheasa, a d’eagraigh Comhar Creidmheasa Elevate. Bhain gach foireann an-sult as an lá — ach is ar Fhoireann Shóisir A a bhí an lúcháir is mó nuair a fógraíodh gur bhuaigh siad an comórtas sóisearach! Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, chuaigh an fhoireann chéanna i gcomórtas arís in Óstán Silversprings agus, le scór iontach de 48/60, bhuaigh siad an comórtas sóisearach den dara huair! Tá an fhoireann ag dul ar aghaidh anois go dtí Craobh na hÉireann san RDS i mBaile Átha Cliath ar an 19ú Aibreáin. Táimíd thar a bheith bródúil as gach páiste a ghlac páirt ar son na scoile — Gaelscoil Charraig Uí Leighin Abú! 🏆






