Nuacht / News

Feirm Beo sa Chlós!

Féach ar an bhfíseán thíos!

Bhí lá iontach againn i nGaelscoil Charraig Uí Leighin le déanaí nuair a tháinig feirm bheo ar cuairt chuig clós na scoile — agus céard a bhí romhainn ach caoire, muic agus gabhair ar fud na háite! Níor chreid éinne a súile! Bhí deis ag gach páiste dul amach, bualadh leis an bhfeirmeoir, na hainmhithe a chuimilt agus eolas suimiúil a fháil faoi shaol na feirme. Bhain na páistí — agus na múinteoirí! — an-taitneamh as an gclár seo agus ba léir go raibh na hainmhithe ag baint taitnimh as an gcuairt freisin! Míle buíochas ó chroí leis an bhfeirmeoir as an gcuairt speisialta seo — tá fáilte romhat ar ais chugainn am ar bith! 🐑🐖🐐