Ní chreidimid go bhfuil scoil álainn nua againn anseo i gCarraig Uí Leighin. Bhogamar isteach ag tús Mí Mheán Fomhair is tá gach uile duine sa scoil chomh sásta le rí. Tá an foirgneamh go hálainn ar fad, le seomraí ranga móra agus halla ollmhór le stáitse. Beidh bliain iontach againn go léir i nGaelscoil Charraig Uí Leighin.
