Nuacht / News

Oíche Shamhna sa Ghaelscoil

Bhí an-lá againn sa Ghaelscoil ag ceiliúradh Oíche Shamhna. Bhí gach rang ó Naíonáin Bheag go Rang 6 gléasta suas i gcultacha scanrúile. Baineadh geit uafásach as na muinteoirí go léir is ba bheag nár thit an príomhoide i laige nuair a chonaic sé na taibhsí a bhí timpeall na háite! Féach orthú anseo ag déanamh paráid sa chlós nua.