Nuacht / News

Lá Domhanda na Leabhar 2022

Is aoibhinn linn na leabhair i nGaelscoil Charraig Uí Leighin! Bhíomar faoi lán seoil ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar ar an 3ú Mí na Márta. Ghléasamar go léir suas mar carachtair leabhar – daltaí agus múinteoirí – agus chaitheamar an lá ar fad ag léamh, ag éisteacht is ag plé na leabhair is fearr linn. Níl aon rud níos fearr sa saol ná leabhar maith a bheith agat. Leanaigí go léir ar aghaidh ag léamh gach uile lá!