Nuacht / News

Ómós do Bhríd Úna Uí Mhaoleoin, Príomhoide na Gaelscoile 1985-2018

Rugadh agus tógadh Bríd Úna Ní Mhaoileoin ar an nGráig in Iarthar Dhuibhneach, baile fearainn atá ag féachaint amach ar Cheann Sibéal, na Triúr Deirféaracha agus ag féachaint síos ar Thráigh Chlochair, áit a chaith sí laethanta a hóige ag imirt go meidhreach lena comharsain chneasta. Ba bhreá lena croí Tráigh Chlochair agus an ceantar álainn mórthimpeall.

D’fhreastal sí ar Bhunscoil na Leathaithe agus Bunscoil an Fheirtéaraigh agus as san go dtí méanscoil chónaithe Choláiste Íde. Ar aghaidh leí ansan go dtí Coláiste Mhuire Gan Smál mar ní raibh uaithi riamh ach a bheith ina múinteoir bunscoile. Is mó cara a rinne Bríd Úna ina haistear scolaíochta agus d’fhan sí i dteagmháil leo go lá a báis.

Taréis roinnt blianta a chaitheamh ag múineadh i nDún Dealgan tháinig Bríd Úna ar an bhfód i gCarraig Uí Leighin mar phríomhoide ar scoil nua-bhunaithe, Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Méan Fómhair na bliana 1985. Le ceithre pháiste dhéag agus í féin mar mhúinteoir aonair agus príomhoide, tosaíodh ré nua in oideachas trí Ghaeilge i gCarraig Uí Leighin.  Is iomaí bac agus dúshlán a bhí le sarú an bhliain sin aici ach leis an misneach agus meon dearfach a bhí ag Bríd Úna ní raibh sí riamh chun géilleadh dóibh. Thosaigh an scoil ag fás agus ag forbairt faoina stiúir. Ceapadh Martina Ní Dhubhghaill an bhliain ina dhiaidh mar leas-phríomhoide. B’iontach an fhoireann an bheirt acu.  Bhí Bríd Úna mar cheannaire ar an scoil ar feadh trí bliana is tríocha, agus í ag eirí as i 2018 bhí 650 páiste ar an rolla le foireann oibre de dhá scór.  Sin fás agus forbairt agat!

Sár-mhúinteoir a chuir riachtannaisí na bpáisti chun cinn i gconaí.  Ní hé an t-ardchaighdeán oideachais amháin a luatar leis an scoil, tá cáil ar an spórt, ceol, drámaíocht, ealaín, snámh agus a thuilleadh nach iad.  Gan trácht ar an méid a thosaigh sí sa scoil, ach rud amháin cinnte, bhíodh an páiste lárnach i ngach rud go mór mhór an páiste le aon riachtannas faoi leith.

Duine an-tuisceannach le dea-chomhairle agus dea-fhocal i gconaí.  Cainteoir dúchais le nathanna cainte agus seanfhocail ar a toil aici. Bhí Bríd Úna lán de chroí, lán de sprid, lán d’anam agus í fial fáiltiúil. B’aoibhinn leí na hocáidí sóisialta agus tús a chur leis an ‘sing song’ le Trasna na dTonnta.  Ceannródaí na Gaelscolaíochta a roinn a saineolas linn go léir.

Tá pobal Charraig Uí Leighin an-bhuíoch di as a cuid oibre, as a muintearas, as a cinéaltas, as an ngrá don Ghaelainn a mhúscail sí ionainn.  Bhí meas nach beag ag páistí, tuismitheoirí agus pobal na scoile ar Bhríd Úna.  Rinne sí éacht oibre agus beifear go deo faoina camaoin.

Fuair Bríd Úna Cuireadh na Nollag ar an dara lá d’Eanair 2022, róluath ina saol. Is mór an chailliúint í do Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, do Ghaeloideachas, do Charraig Uí Leighin agus dá paróiste dúchais, ach ní faic san i gcomparáid leis an gcailliúint dá clann féin agus dá muintir muinteartha.

Braithfimid uainn tú ó chroí, tá do chuid agus d’éacht déanta agat.  Tá do rian fágtha agat sa scoil seo agus do chuimhní gleoite linn. 

Suaimhneas síoraí, a chara dílis.

Foireann na Gaelscoile.