Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig hip hurá! Bhí an-lá againn ag ullmhú do Lá ‘le Pádraig. Sheinn an píobaire dúinn agus bhí paráid iontach againn timpeall na scoile. Bhí gach uile duine sa scoile gléasta suas is bhí atmaisféar álainn sa Ghaelscoil.
