Tá Coiste Frithbhulaíochta an-ghnóthach ag an nGaelscoil. Tá múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí mar baill den choiste is bimid i gconaí ag obair le chéile chun a chinntiú nach mbíonn bulaíocht ar siúl ar scoil. Bhí comórtas ealaíne againn le linn Mí na Samhna is rinne grupaí i ngach rang postaéir frithbhulaíochta. Roghnaigh na tuismitheoirí ar an gcoiste frithbhulaíochta na buaiteóirí is chuamar ar siúlóid síos go siopa Aunty Nellies chun milseáin a cheannach don duais. Ansin bhí féasta breá againn sa leabharlann le chéile. Comhghairdeas libh na buaiteoirí! Is féidir libh na postaéir frithbhulaíochta go léir a fheiceáil crochta timpeall na scoile.
