Ghlac Rang 3 páirt i Blitz peile faoi dhíon Dé Luain 28ú Mí na Samhna. Chaitheamar cúpla lá roimh ré ag cleachtadh sa halla ag am lóin. Ar an lá thaisteal 21 cháilín ar bhus go dtí halla Ath an Mhaide – Riverstick. Bhíodar ar bís le cúpla lá roimh ré. Bhí ceithre fhoireann againn agus d’imríomar cluichí in aghaidh Crosshaven, Ballyheda, Cionn tSáile. D’imir na cailíní go hiontach ar fad agus táim cinnte go mbeidh na cailíní seo mar chuid d’fhoireann sciath na Scol nuair a bheidh siad i Rang 6.
