Tá ‘buzz’ breá na Nollag timpeall na háite is páistí ag cleachtadh carúil i ngach áit. Bhí sé go hálainn ár bpáistí a fheichint sa chlós, bailithe le chéile as a stuaim féin chun ceol a sheinnt. Seisiún spontánach mar a bhí againn sa tír seo go deo. Táimid an-bhródúil as ár gceoltóirí óga is cultúr ceoil na scoile. ‘Mol an óige agus tiocfaidh siad‘
