A leithéid do mhargadh! Chun an Nollaig a cheiliúradh i mbliana d’eagraidh an Ghaelscoil margadh álainn sa halla ag díol earraí na nollag agus féiríní. Chaith na páistí mí ag ullmhú na rudaí áille a bhí ar dhíol – stocaí nollag féin déanta, leabhar mhairc, ‘slime’, brioscaí, ealaín srl. Fuair na tuismitheoirí go léir cuireadh teacht isteach chun roinnt ‘siopadóireacht’ a dhéanamh, cluichí nollag a imirt agus cupán is cookies a bheith acu. Chuaigh an t-airgead a thuilleamar go dtí ‘Meals on Wheels – Carrigaline’. Bhaineamar sár-thaitneamh as an mhargadh a chur i láthair is go raibh maith agaibh gach éinne a ghlac páirt. Nollag shona daoibh go léir.
