Chuir ‘Cois Laoi Productions’ an ceoldráma ‘Cochaillín Dearg’ i láthair do Naíonáin Bheag, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus Rang 2 maidin Dé Máirt. Chaitheamar maidin den scoth ag canadh agus ag gáire in éineacht le Cochaillín Dearg, an Mac Tíre, Mamó agus Mamaí.
