Nuacht / News

Craobh Sciath na Scol

Tá ag éirí go hiontach leis an nGaelscoil le cursaí spóirt faoi láthair. Chuaigh na cailíní Rang 6/5 go craobh camógaíochta Sciath na Scol. Bhíomar ag imirt i gcoinne foireann láidir as Cloghroe agus toisc go bhfuilimid i Roinn 1 i mbliana (wú hú!) bhí caighdeán an-ard i gceist. Bhí an bua ag Cloghroe ag an deireadh foraor, ach bhí lá iontach ag na ranganna 3-6 ag tacú leo i bPáirc Uí Chaoimh le múinteoir Brian ar na drumaí ag stiúrú an “ugí, ugí, ugí – oi, oi, oi!”. Comhghairdeas libh cailíní, is ná déan dearmad – beidh lá eile ag an bPaorach.