Nuacht / News

Turas Scoile Rang 5

A leithéad do lá a bhí againn thíos i ‘West Cork Secret Adventure Centre’. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch is bhí chuile duine in ard-form! Bhí an méid sin le déanamh go rabhamar gnóthach an lá ar fad is ba bheag nár thiteamar inár gcodladh ar an mbus ag teacht abhaile. Cinnte rachaimid arís ann! Bíodh samhradh deas agaibh go léir. Féach ar an scannán thíos is beidh tú ann linn! Click below to view video