Nuacht / News

‘Aistear’ i Naíonáin Bheaga

Thosaidh ár naíonáin ar an gclár Aistear le déanaí agus is breá leo é. Tá seomra álainn ‘Aistear’ againn agus tugann sé deis do na páistí cleachtadh an tsaoil a fháil is iad ag súgradh lena chéile. Is féidir leo ról-imirt a dhéanamh ar thuras chuig an dochtúir, ag dul go dtí an siopa, lá ar an bhfeirm, ag ithe sa bhialann srl. Is áis iontach é agus tá na páistí go léir ag baint sár-thaitnimh as. Maith sibh naíonáin bheaga.