Nuacht / News

Seachtain Ghlas – Ag Sábháil Uisce

Tá leanaí agus foireann uile na scoile ag foghlaim agus ag obair go dian ar son an tríú brat glas d’uisce. Bhí céiliúradh seachtaine, an tseachtain glas, sa scoil le déanaí. Ghléas leanaí in éadaí gorma in ónóir d’uisce agus bhí an deis ag gach leanbh sa scoil turgnaimh eolaíochta bunaithe ar uisce a dhéanamh sa halla. Rinne Rang 4 ‘Walk for Water’ in ónóir páistí a dhéanann turas fada ag lorg uisce i dtíortha tríú domhanda.