Nuacht / News

Seachtain na Gaeilge ’24

Wúúúúú húúúúúú! Ta Seachtain na Gaeilge linn arís – an tseachtain is fearr sa bhliain i nGaelscoil Charraig Uí Leighin. A leithéad do sheachtain atá pleanáilte againn. Beidh comórtas amhránaíochta, ceolchoirm John Spillane, rinceoirí Miah, Buddy Reading as Gaeilge, céilí, feis, seisiún sa halla, an Paráid Mhór agus i bhfad Éireann níos mó na sin ar siúl i ngach seomra ranga sa scoil. Chomh maith le sin tá Maidin Chaife (Coffee Morning for Parents) eagraithe do thuismitheoirí ar maidin Dé hAoine sa halla tar éis an paráid. Buail isteach is beidh cupán is cúpla focal againn.