Gaeilge 24

Gaeilge 24

Beidh páistí ó Rang 3 go dtí Rang 6 ag déanamh sár iarracht Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig ar Dé Máirt an 14/11/23. Is chuid de gluaiseacht náisiúnta GAEILGE24 é seo. Bí ag cabhrú leo sa …

Buaiteoirí sa Chomórtas ‘We Love Horticulture’

Horticulture Video Competition SETU Waterford 2023. Comhgháirdeas le Anna, Lilí agus Siún ó Rang 6 a bhuaigh an Primary Accessibility Prize ar son video a chruthaiodar , Power of the Flower. Maith sibh a chailíní. Brúigh ar an nasc chun …

Péisteoir (Wormery) Scoile

Tá péisteoir (wormery) againn sa gháirdín scoile anois le péisteanna ann. Cuirfear drámháil bia ón mbosca donn ón seomra fóirne sa phéisteoir agus tar éis tamaill, déanfaidh na péisteanna muirín (compost) dúinn don gháirdín. Tháinig fear dar ab ainm Dónal …

Táimid sa Chraobh!

Bhí cluiche den scoth againn ar an 19ú Deireadh Fómhair! Leath-chraobh Sciath na Scol a bhí ann is bhí na peileadóirí ón nGaelscoil Charraig Uí Leighin ag imirt i gcoinne Ovens N.S. Tar éis cluiche fada, dúshlánach, bhí bua iontach …

Lá na gCrann

Chuir páistí ó Rang 6 crann beag inné a fuaireamar ó Tree Council of Ireland i gcomhair Lá na gCrann. Coll nó Hazel an crann a bhi roghnaithe i mbliana, crann dúchasach. Maith sibh Rang 6. Tá nasc le tuilleadh …

Fáilte mór roimh na naíonáin nua!

Bhí seachtain den scoth ag na naíonáin nua i mbliana. Ag súgradh is ag spraoi agus ag déanamh cairde nua! Tá fáilte rompu go léir is tá súil againn go mbeidh saol scoile iontach ag gach aon duine acu i …

Podchraoladh (Podcast) ón nGaelscoil!

Rinne na múinteoirí sa Ghaelscoil cúrsa speisialta i mbliana is d’fhoghlamar conas podchraoladh proifisiúnta a thaifead is a fhoilsiú. B’iad Rang 3 Ailíse a thosaigh ar dtús is tá an chéad podchraoladh réidh anois acu – ceann i mbéarla a …

Bhuamar Craobh na hEireann!

Bhí lá iontach, stairiúil againn san Aviva i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chaite ag imirt sacar i gcraobh na hEireann ‘Primary 5s’. Chuaigh rang a 6 suas chun tacú linn agus bhí turas dochreidte againn go léir. Bhuamar …

Craobhchomórtas Charraig Donn

Le déanaí, ghlac foireann iománaíochta Rang a 6 páirt i gCraobhchomórtas Charraig Donn i mBun an Tabhairne. Shroicheamar an craobh tar éis buachaint ar Holy Well agus Bun an Tabhairne. Chasamar i gcoinne Béal Guala sa chroabh agus cheap gach …

Lúthchleasaíocht na Cathrach

Bhí lá iontach againn ag Lúthchleasaíocht na Cathrach. Bhíomar an sceitimíneach agus neirbhíseach roimh na rásaí. Bhuaigh an scoil alán coirn ar an lá agus bhíomar chomh sásta nuair a bhuamar an rása sealaíochta don dara bhlian as a chéile!